Skip to main content

Maoirseacht Dhigiteach

Mar a leagtar amach i gCiorclán 14/21, tá Aonad Maoirseachta Digití an Rialtais (DGOU), atá mar chuid de OPOFR, freagrach as maoirseacht ar thionscnaimh dhigiteacha/TFC nua a mholann comhlachtaí Státseirbhíse agus Seirbhíse Poiblí chun ailíniú le beartas an Rialtais agus straitéisí gaolmhara a chinntiú agus dea-struchtúir agus dea-chleachtas rialachais a léiriú.

Tá fócas faoi leith ag Aonad Maoirseachta Digití an Rialtais a chinntíonn go gcuirtear Ciorclán 14/21 chun feidhme, ciorclán a bhfuil feidhm aige ón 1 Iúil 2021. Is iad na príomhchuspóirí den chiorclán nua sin ná a chinntiú go mbíonn tionscnaimh dhigiteacha agus TFC ag teacht leis na beartais agus straitéisí ábhartha uile ón rialtas a thacaíonn leo, agus go mbíonn socruithe rialachais cuí i bhfeidhm chun a seachadadh rathúil a dheimhniú.

Chomh maith leis sin, le Ciorclán 14/21 cuirtear an próiseas Athbhreithniúcháin Piaraí ar bhonn foirmiúil, ar próiseas é a bhfuil feidhm aige maidir le tionscnaimh dhigiteacha agus TFC atá sách mór agus lena ngabhann riosca agus/nó tábhacht straitéiseach agus a thagann leis an gCód Caiteachais Phoiblí.

Ceanglaítear ar Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí téarmaí Chiorclán 14/21 a chomhlíonadh mar chuid dá bpróiseas pleanála le haghaidh tionscnaimh dhigiteacha/TFC.

Tá oifigeach idirchaidrimh ainmnithe ag Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí, duine atá freagrach as idirghníomhú le hAonad Maoirseachta Digití an Rialtais maidir le faomhadh a lorg le haghaidh tionscnaimh phleanáilte dhigiteacha agus TFC atá ceaptha chun tacú le claochlú digiteach a n‑eagraíochtaí. Ba cheart gach iarratas maidir le tionscnaimh dhigiteacha agus TFC i dtaobh aighneachtaí faofa a dhéanamh ar líne ar an gcóras eDGOU.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le DGOU@per.gov.ie