Skip to main content

Rialachas Sonraí

Intreoir

Seo físeán ina mínítear an chaoi a n‑oibríonn comhroinnt sonraí faoin gcreat comhroinnte sonraí.

Tá sonraí ag croílár an Rialtais.

Stiúrann sonraí an chinnteoireacht agus múnlaíonn beartas poiblí. Tá sé lárnach do sholáthar seirbhísí poiblí.

De réir mar a fhorbraíonn an tsochaí, forbraíonn an t‑éileamh ar úsáid níos fearr agus níos éifeachtúla as sonraí i soláthar beartas poiblí agus seirbhísí poiblí freisin. D’fhonn úsáid ár gcuid sonraí a uasmhéadú chun teacht leis an éileamh sin, tá roinnt beart curtha i bhfeidhm ag an Rialtas chun feabhas a chur ar shonraí seirbhíse poiblí agus a n‑úsáid: Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí agus an tAcht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí.

Nuair a chuirfear an dá cheann acu i mbun gnímh, cruthófar leo éiceachóras sonraí láidir tacúil don tSeirbhís Phoiblí.

An tAonad um Rialachas Sonraí

I Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí, 2019–2023, an straitéis reatha, tá roinnt gníomhaíochtaí sonraí lena soláthrófar éifeacht chlaochlaitheach don tSeirbhís Phoiblí agus tairbhí do shaoránaigh agus gnólachtaí araon.

Bunaíodh an tAonad um Rialachas Sonraí in 2020, faoi shainchúram Oifig Phríomh‑Oifigeach Faisnéise an Rialtais (OPOFR). Soláthraíonn an t‑aonad an Rúnaíocht don Bhord agus gníomhaíonn sé mar Rúnaíocht don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le haghaidh a bhfreagrachtaí faoin Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí, 2019. Soláthraíonn an t‑aonad tacaíocht Seirbhíse poiblí do gach ceist a bhaineann leis an Acht.

Tá 3 fhoireann laistigh den aonad:

  • beartas sonraí​
  • tacaíocht maidir le rialachas sonraí
  • anailísíocht sonraí

Léigh tuilleadh maidir leis an bhFoireann Beartais Sonraí

Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí, 2019–2023

Leagtar amach i Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí, 2019–2023, fís mhionsonraithe de shraith spriocanna agus gníomhaíochtaí chun cur chuige uile-Rialtais níos comhcheangailte a sheachadadh maidir leis an gcaoi a n‑úsáidtear agus a mbainistítear sonraí ar fud na seirbhíse poiblí. Tá sé mar aidhm aige sraith beart a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar an gcaoi a ndéantar sonraí a rialú, a bhainistiú agus a athúsáid ar bhealach slán, éifeachtúil agus trédhearcach ar mhaithe le saoránaigh, gnólachtaí agus lucht déanta beartas.

Cabhróidh a cur chun feidhme leis an Rialtas i ndáil lena iarracht seirbhísí a fheabhsú don phobal trí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • níos mó seirbhísí digiteacha comhcheangailte comhtháite ó cheann go ceann a sholáthar
  • próisis níos fearr a sholáthar chun beartais a chur ar bhonn foirmiúil agus meastóireacht a dhéanamh orthu
  • feabhas a chur ar chosaint agus trédhearcacht na próiseála sonraí pearsanta
  • cúrsaí riaracháin a laghdú ach an iarraidh ar ghnólachtaí agus saoránaigh na sonraí céanna a sholáthar arís agus arís eile a laghdú

Tar éis comhairliúchán leathan, dhréachtaigh agus d’fhoilsigh Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais (OPOFR) anStraitéis, ní a bhfuil freagracht ar an Oifig as a chur chun feidhme.

Léigh tuilleadh faoi Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí

An Bord um Rialachas Sonraí

Bhunaigh Michael McGrath, a bhí ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an tráth úd, an Bord um Rialachas Sonraí (an Bord) faoin Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí, 2019, i mí na Nollag 2021.

Bhí foirmliú an Bhoird ina phríomh-gharsprioc maidir le cur chun feidhme Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí, 2021–2023 (Prionsabal 8 – Rialaítear sonraí go héifeachtach). Tá ról ríthábhachtach aige i ndáil le soláthar creata nua le haghaidh rialachas sonraí ar fud na Seirbhíse Poiblí.

Tá tuilleadh faisnéise faoin mBord ar fáil anseo: https://www.gov.ie/ga/eolas-polasai/72309-data-governance-board/?

Tá ceithre choiste bunaithe ag an mBord go dtí seo chun sainchomhairle spriocdhírithe a sholáthar dó i ndáil le ceithre phríomhréimse:

  • Tá ról ceannasach ag an gCoiste Comhroinnte Sonraí i ndáil le rialacha, nósanna imeachta, caighdeáin agus treoirlínte maidir le comhroinnt sonraí a thabhairt isteach agus a chur chun cinn. Áirítear ar a gcuid oibre Comhaontuithe Comhroinnte Sonraí a thriáiseáil agus athbhreithniú a dhéanamh orthu, agus obair a dhéanamh leis an mBord um Rialachas Sonraí mar chuid de phróiseas athbhreithniúcháin Leabhar Beartaíochta Comhroinnte Sonraí ACRS
  • Tá ról ceannasach ag an gCoiste Ailtireachta Sonraí agus Teicniúil i ndáil le treoirlínte agus caighdeáin theicniúla sa tSeirbhís Phoiblí a thabhairt isteach agus a chur chun cinn
  • Tá ról ceannasach ag an gCoiste Cosanta Sonraí agus Trédhearcachta i ndáil lena chinntiú go mbainistítear ar bhealach eiticiúil aon ábhar imní a bhaineann le trédhearcacht, príobháideachas nó cosaint sonraí a eascraíonn as comhroinnt nó rialú sonraí
  • Tugann an Coiste Cumarsáide agus Rannpháirtíochta comhairle don Bhord maidir leis an dea-chleachtas i ndáil le cumarsáid a dhéanamh agus a bheith rannpháirteach leis na páirtithe leasmhara uile ar bhealach trédhearcach

Anailísíocht Sonraí

Is éard atá in Anailísíocht Sonraí ná próiseas cigireachta, glantacháin agus claochlaithe sonraí agus é de sprioc aige sin faisnéis chabhrach a aimsiú, bonn eolais a chur faoi chonclúidí agus tacú leis an gcinnteoireacht.

An obair atá ar bun ag an bhfoireann

Tá an foireann Anailísíochta Sonraí ag obair ar réimse tionscadal a fhágfaidh go mbainisteofar agus go ndéanfar anailís ar shonraí ar bhonn níos fearr.

  • tuairisciú maidir le tacair sonraí atá ar fáil, agus anailís a dhéanamh orthu
  • scrúdú a dhéanamh ar na tairbhí a bhaineann le Seomraí Sonraí Fíorúla don tSeirbhís Phoiblí

An tionchar atá aige sin ortsa

Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag sonraí i ndéanamh beartais atá bunaithe ar fhianaise. Nuair a chomhroinntear agus nuair a fhaightear rochtain ar shonraí trí réitigh tuairisciúcháin is féidir leis sin feabhas a chur ar éifeachtúlacht oibríochtúil agus freagairt do riachtanas an phobail a bhíonn ag síorathrú.

Áiteanna a bhfuil tuilleadh faisnéise le fáil

Féach Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí

An tAcht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí, 2019

Leis an Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí, 2019 (an tAcht), a achtaíodh i mí an Mhárta 2019, tugtar tuilleadh éifeachta don Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), 2018, agus don tAcht um Chosaint Sonraí, 2018. Soiléirítear go sonrach ann na rialacha agus na heisceachtaí maidir le sonraí pearsanta saoránach a chomhroinnt idir comhlachtaí poiblí agus tugtar cinnteacht agus dlíthiúlacht do na comhlachtaí siúd ar mian leo sonraí a nochtadh nó a fháil.

Foilsíodh an tAcht i mí an Mheithimh 2018 agus ceadaíodh é i mí an Mhárta 2019 agus thosaigh feidhm roinnt alt den reachtaíocht láithreach. Leis an dara tráinse de thosaigh feidhme i mí Iúil 2021, bhíothas in ann an Bord um Rialachas Sonraí a bhunú.

Leis an tríú tosach feidhme, an ceann deireanach, i mí na Nollag 2022, achtófar an t‑alt deireanach den reachtaíocht, alt 6 (2) agus (3). Nuair a bheidh feidhm an ailt sin tosaithe, bainfear leis an bonn dlí a bhaineann le nochtadh sonraí pearsanta, mar a shainmhínítear in alt (38) den Acht um Chosaint Sonraí, 2019.

Leis an Acht, ar cuid lárnach de Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí é, déantar iarracht an bealach a gcomhroinneann agus a n‑úsáideann Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí a leasú chun seirbhísí poiblí a fheabhsú. Soláthraítear leis bonn dlí ginearálta do Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí a bheith rannpháirteach i gcomhroinnt sonraí, ach cosaintí cuí a leagan amach freisin, nach mór an chomhroinnt sin a dhéanamh dá réir.

Chomh maith leis sin tugtar, leis an Acht, réimse cumhachtaí don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i ndáil le rialachas sonraí na Seirbhíse Poiblí. Áirítear orthu sin:

  • caighdeáin agus treoirlínte um bainistíocht sonraí a thabhairt isteach
  • bailiú sonraí áirithe ag Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí a thoirmeasc nó a chur i bhfeidhm
  • ordú a thabhairt do Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí sonraí a chomhroinnt faoin Acht
  • an chomhroinnt sonraí uile sa tSeirbhís Phoiblí a chlárú
  • Bunchlárlanna a shainiú
  • Aitheantóir Gnó Uathúil a chruthú
  • Tairseach Sonraí Pearsanta a chruthú
  • Bord um Rialachas Sonraí a chruthú

Is mian leis an rialtas an bealach a rialaítear agus a mbainistítear sonraí a fheabhsú agus leis an Acht seo beifear in ann sonraí a athúsáid ar bhealach slán éifeachtúil trédhearcach. Rachaidh sé sin chun tairbhe na saoránach, gnólachtaí agus an lucht déanta beartas sa rialtas agus cur chuige níos comhsheasmhaí i leith comhroinnt sonraí á éascú. Ligfidh sé dúinn seirbhísí digiteacha comhtháite a sholáthar do shaoránaigh agus gnólachtaí.

Léigh tuilleadh faoin Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí, 2019

TGCS

Tá an tAonad um Rialachas Sonraí ag obair chun Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí a chur chun feidhme ar fud na Seirbhíse Poiblí. Áirítear ar an obair sin tabhairt isteach tacair caighdeán agus treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 40 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Leis na caighdeáin sin cabhrófar le cur chuige uilíoch a chinntiú do bhainistíocht sonraí do gach Comhlacht Poiblí.

RGCS agus an tAcht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí

Rinneadh dlí den Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí (an tAcht) i mí an Mhárta 2019, lenar tugadh tuilleadh éifeachta don Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), 2018, agus don tAcht um Chosaint Sonraí, 2018. Soiléirítear go sonrach ann na rialacha agus na heisceachtaí maidir le sonraí pearsanta a chomhroinnt idir comhlachtaí poiblí agus tugtar cinnteacht agus dlíthiúlacht do na comhlachtaí siúd ar mian leo sonraí a nochtadh nó a fháil.

Áiteanna a bhfuil tuilleadh faisnéise le fáil

Tá roinnt acmhainní ar fáil duit dá mba mhaith leat tuilleadh eolais a fháil maidir le RGCS agus Cosaint Sonraí in Éirinn.

An tAcht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí, 2019 – Clár Comhaontuithe Comhroinnte Sonraí

Cúlra

Is éard atá san Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí, 2019 (ACRS) reachtaíocht chumasúcháin lena soláthraítear bonn dlí sonrach do chomhlachtaí poiblí chun sonraí a chomhroinnt, ach cosaintí cuí a leagan amach freisin, nach mór an chomhroinnt sin a dhéanamh dá réir. Príomhphrionsabal den Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí is ea trédhearcacht maidir le láimhseáil shábháilte sonraí pearsanta ar fud na Seirbhíse Poiblí.

Clár Comhaontuithe Comhroinnte Sonraí ACRS

Le Clár Comhaontuithe Comhroinnte Sonraí ACRS (an Clár) comhlíontar an oibleagáid faoi Alt 60(3) den Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí, ina ndeirtear go bhfoilseoidh an tAire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe (an tAire) liosta comhaontuithe comhroinnte sonraí, comhaontuithe aontachais nó aistarraingtí a fhaightear faoin Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí.

Ar an gClár tá sonraí na gcomhaontuithe comhroinnte sonraí uile a chuir na próisis a leagtar amach i Leabhar Beartaíochta Comhroinnte Sonraí ACRS, na comhaontuithe aontachais uile, agus aon aistarraingt ó na comhaontuithe sin, i gcrích. Tá an Clár dinimiciúil agus nuashonrófar é ar bhonn rialta.

Soláthraíonn an tAonad um Rialachas Sonraí tacaíocht rúnaíochta don Aire faoin Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí, agus déanann sé cothabháil ar an gClár sin thar ceann an Aire.

Faisnéis atá le fáil ar an gClár

Ar an gClár tá liosta de na comhaontuithe comhroinnte sonraí uile a bhfuil céimeanna phróisis an Leabhair Beartaíochta curtha i gcrích acu. Grúpáiltear na comhaontuithe sin de réir bliain foilsithe (ag an gCeannghníomhaireacht) agus tá tagairt agus ainm an chomhaontaithe comhroinnte sonraí ann. Tá cóip PDF de na comhaontuithe comhroinnte sonraí éifeachtacha ar shuíomh gréasáin an Bhoird um Rialachas Sonraí. Liostaítear comhaontuithe aontachais agus aistarraingtí agus tagairt á déanamh don phríomh-chomhaontú comhroinnte sonraí.

Tuilleadh faisnéis maidir le Creat Comhroinnte Sonraí ACRS

Comhaontuithe Comhroinnte Sonraí atá Faighte

2022

  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí Eadóirseachta – DOJDFA 001_220203
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí an Chláir Infheisteora Inimircigh – DOJREV 002_220203
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí Teastas Taistil Éigeandála (TTÉnna) – DFAHSE 003_220628
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí Neasghaoil – DFADSP 004_220628
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí an tSuirbhé Náisiúnta ar Dheireadh Saoil – DSPHIQA 005_220711
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí Cigireachtaí i Suíomhanna Luathfhoghlama agus Cúraim – DCEDIYDE 010_210722
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí Clárúcháin Breitheanna Coigríche – DSPDFA 012_220819
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí a bhaineann le Gluaiseacht Aitheantais Ainmhithe (GAAnna) – BBDAFM 013_220825
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí Fógra Neasghaoil do Shaoránaigh na hÉireann – AGSDFA 014_220907

2023

  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí Ceadúnais do Thochailtí Seandálaíochta – DHLGHNMI 008_200722
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí Toilithe le haghaidh Oibreacha (do shéadchomhartha náisiúnta) – DHLGHNMI 009_200722
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí LINC i gCúram Luathbhlianta – DCEDIYMIC 011_220816
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí Treoracha AE maidir le Gnáthóga agus Achtanna um Fhiadhúlra – DAFMDHLGH 016_140922
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí Ordacháin ón Aire – DHLGHNMI 017_161122
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí Sraith Seirbhísí LEO – EILAS 018_211122
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí Incháilitheachta Scéimeanna RTBM – DAFMBB 019_230607
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí Taighde Neamhspleách ar Oideachas – DOEERC 020_230803
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí a Bhaineann le Marú Laonna – BBDAFM 021_230831
  • Comhaontú Comhroinnte Sonraí maidir le Sonraí Leasa Ainmhithe – BBDAFM 022_230919