Skip to main content

Seirbhísí Digiteacha

Intreoir

An tAonad Seirbhísí Digiteacha: Cad a dhéanaimid?

Tá an tAonad Seirbhísí Digiteacha i gceannas ar an gclaochlú digiteach ar fud an rialtais.

Bainimid úsáid as an dea-chleachtas maidir le bainistíocht athraithe agus innealtóireacht bogearraí chun seirbhísí agus feidhmchláir a fhorbairt don phobal, do ranna rialtais agus do chomhlachtaí poiblí.

Tá cur chuige solúbtha againn i dtaobh bainistíocht tionscadail a dhíríonn ar obair a dhéanamh go héifeachtúil chun torthaí deiridh ardchaighdeáin a bhaint amach, agus réitigh bogearraí foinse oscailte a úsáid nuair is féidir.

Meascán de shaineolas inmheánach agus seachtrach atá san fhoireann seachadta.

Na beartais a chuireann do chuid oibre chun cinn

Táimid ag croílár ghealltanas na hÉireann maidir le Deacáid Dhigiteach an Aontais Eorpaigh, a stiúrann tíortha agus iad ag múnlú a mbeartas digiteach i gcomhréir le luachanna Eorpacha; cothroime, comhionannas, saoirse agus cosaint.

Príomhthéama de Athnuachan na Státseirbhíse, 2030, straitéis athchóirithe 10 mbliana Rialtas na hÉireann, ná cultúr digiteach atá faoi stiúir na nuálaíochta a bhaint amach, saol inar féidir le daoine 90% de sheirbhísí oiriúnacha an rialtais a rochtain ar líne laistigh den deacáid seo.

Is é Seirbhísí Poiblí Níos Fearr gealltanas na hearnála poiblí maidir le hobair a dhéanamh le chéile chun seirbhísí ionchuimsitheacha, ar ardchaighdeán agus comhtháite a chur ar fáil a riarann ar riachtanais daoine agus a fheabhsaíonn a saol.

Is é is aidhm dó sin ná nuálaíocht dhigiteach a sholáthar ar an mórgóir chun dul i ngleic le saincheisteanna móra na sochaí, athrú a spreagadh, eispéireas úsáideora saoráideach a bhaint amach, seachadadh seirbhíse ionchuimsithí a sholáthar, chomh maith le hionad oibre solúbtha dinimiciúil.

Leagtar amach ann go n‑oibreoidh an tseirbhís phoiblí le chéile chun seirbhísí a bheidh dírithe ar dhaoine a sholáthar, cinn a cheapfar ó fhianaise agus léargais ón bpobal agus ó shonraí agus ó thaighde.

Léirítear leis an gcreat Leas a bhaint as Digitiú uaillmhian na hÉireann le bheith ina ceannaire digiteach ag gcroílár forbairtí digiteacha Eorpacha agus domhanda.

Táimid ag baint leas as an aistriú chuig seirbhísí digiteacha a tharla le linn phaindéim Covid-19 chun seirbhísí rialtais dhigitigh éifeachtúla iontaofa ionchuimsitheacha atá ar thús cadhnaíochta a chruthú.

Leagtar amach in Cónascadh Rialtais 2030 an plean chun seirbhísí rialtais iontaofa iomasacha ionchuimsitheacha atá faoi thionchar daoine agus atá ar thús cadhnaíochta a chruthú.

Bhí ar gach duine againn na sonraí pearsanta céanna a thabhairt arís agus arís eile do ghníomhaireachtaí iomadúla agus seirbhísí poiblí á lorg. In 2023, ghlac Éire tionscnamh Prionsabal na hAonuaire faoi chuimsiú na Tairsí Aonair Dhigití, agus gealltar nach n‑iarrfar faisnéis den sórt sin ach uair amháin.

Cé muid féin?

Tá ceithre rannán, nó ‘colúin barr feabhais’, againn san Aonad Seirbhísí Digiteacha.

Is iad sin:

  • Beartais agus Anailís
  • Dearadh agus Ábhar
  • Feidhmchláir agus Ailtireacht
  • Oibríochtaí agus Cinnteacht.

Is iad na tosaíochtaí atá againn faoi:

  • láthair ná feabhas leanúnach
  • bunú na seirbhíse Imeachtaí Saoil [nasc]
  • comhlíonadh na gcaighdeán cibearshlándála is airde

Beartais agus Anailís

Tugann an fhoireann ‘Beartais agus Anailís’ comhairle maidir le beartas digiteach, lena n-áirítear beartais an Aontais Eorpaigh agus beartais náisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le tionscnaimh thábhachtacha straitéiseacha amhail Imeachtaí Saoil [nasc] agus tionscadail eile a bhaineann leis an gclaochlú digiteach.

Is é an príomhról atá acu ná anailís ghnó, agus úsáid á baint as cur chuige úsáideoir-lárnach chun measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar riachtanais a thiocfaidh isteach san Aonad Seirbhísí Digiteacha, trí phróiseas tairsí tionscadail foirmeálta.

Dearadh agus Ábhar

Tá an fhoireann ‘Dearadh agus Ábhar’ i gceannas ar eispéireas an úsáideora agus gné dhearadh na seirbhíse d’obair an Aonaid Seirbhísí Digiteacha. Cinntíonn siad go mbíonn na daoine a úsáideann seirbhísí an rialtais ag croílár ár gcuid oibre i gcónaí.

Bhunaigh an fhoireann an suíomh gréasáin uile-rialtais, gov.ie – foinse bhunriachtanach iontaofa faisnéise don phobal agus do ghnólachtaí.

Tá an fhoireann ‘Dearadh agus Ábhar’ i gceannas ar sheachadadh an chaighdeáin is fearr d’eispéireas úsáideora do na seirbhísí Imeachtaí Saoil agus Tiachóg Dhigiteach an Rialtais.

Feidhmchláir agus Ailtireacht

Soláthraíonn an fhoireann ‘Feidhmchláir agus Ailtireacht’ tacaíocht do sheirbhísí ‘Tógáil le Roinnt’ OPOFR do bhreis agus 50 roinn agus gníomhaireacht rialtais.

Úsáideann siad sin cruach Microsoft, chomh maith leis an gcóras bainistithe doiciméad eDocs agus an cásbhainisteoir Saorála Faisnéise eFOI.

Úsáideann Feidhmchláir agus Ailtireacht roinnt teicneolaíochtaí foinse oscailte freisin.

Oibríochtaí agus Cinnteacht

Pléann Oibríochtaí agus Cinnteacht le cinntiú seirbhísí sula rachaidh siad beo, agus rolladh amach córas ar fud ranna agus gníomhaireachtaí rialtais. Soláthraíonn siad tacaíocht leanúnach do na seirbhísí sin agus iad i mbun feidhme.

Tá an fhoireann sin freagrach as cinnteacht agus oibríochtaí thar ar 100 suíomh gréasáin, feidhmchlár agus comhpháirt bogearraí a úsáidtear ar bhonn laethúil ar fud réimse leathan ranna agus gníomhaireachtaí rialtais.

Ár soláthraithe seirbhíse

Tacaíonn trí sholáthraí seirbhíse chomhpháirteacha, arna roghnú i bpróiseas soláthair in 2022, lenár gcuid oibre.

Is iad sin:

  • GlobalLogic
  • Storm
  • Nearform

Seirbhísí Imeachtaí Saoil

Tá OPOFR agus an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe ag stiúradh na nuálaíochta ceannródaíche seo le chéile.

Le hImeachtaí Saoil tabharfar rochtain thapa réidh do dhaoine ar sheirbhísí digiteacha agus cuirfear ar a gcumas a gcuid doiciméad tábhachtach, amhail ceadúnas tiomána nó teastas breithe, a stóráil ar a ngutháin.

Is éard atá in ‘imeacht saoil’ ná ócáid shuntasach i saol duine, amhail breith, bás nó pósadh, tiomáint a fhoghlaim, post a fháil nó a chailleadh, cúram sláinte a fháil nó gnólacht a thosú. Is minic a bhíonn idirghníomhaíochtaí leis an rialtas nó seirbhísí poiblí ag baint le himeachtaí saoil.

Beidh pointe teagmhála aonair ann ina soláthróidh tú do chuid faisnéise pearsanta uair amháin, in ionad sonraí, amhail d’ainm, do sheoladh nó do dháta breithe, a thabhairt arís agus arís eile do chomhlachtaí poiblí éagsúla.

Tosófar leis an gceadúnas tiomána agus ansin cuirfear réimse ceadúnas, teastas agus dintiúir dhigiteacha ar fáil de réir a chéile le himeacht ama.

Tiachóg Dhigiteach an Rialtais

Cuid lárnach d’Imeachtaí Saoil is ea Tiachóg Dhigiteach an Rialtais, áit le leaganacha digiteacha de dhoiciméid thábhachtacha, amhail do cheadúnas tiomána, do theastas breithe nó do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte [seiceáil], a stóráil in aon áit amháin ar aip ar do ghuthán.

Tá an chéim phíolótach ar siúl faoi láthair agus tá Tiachóg Dhigiteach an Rialtais á tástáil le grúpa de 1,000 úsáideoir ón Státseirbhís sula seolfar í i measc pobal níos mó níos déanaí i mbliana.

MyGovID

Is éard atá in MyGovID ná tionscnamh comhpháirteach ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Roinn Coimirce Sóisialaí agus is dlúthchuid dár seirbhísí Imeachtaí Saoil agus Tiachóg Dhigiteach é.

Cuirtear ‘logáil isteach aon‑uaire’ shábháilte dhaingean ar fáil do shaoránaigh chun go mbeidh siad in ann síniú isteach ar sheirbhísí poiblí in Éirinn.

Léigh tuilleadh faoi MyGovID agus cruthaigh cuntas nó logáil isteach ar do chuntas

Bloic Thógála

Seirbhísí ar líne is féidir a thógáil agus a rith go furasta

D’fhorbraíomar Bloic Thógála chun cabhrú leis an rialtas agus le comhlachtaí poiblí réimse seirbhísí ar líne a sholáthar ar bhealach níos furasta agus níos éifeachtúla. Is foireann uirlisí bogearraí comhoiriúnacha iad sin le haghaidh teachtaireachtaí, foirmeacha digiteacha, íocaíochtaí ar líne agus bainistiú cáis. Dearadh iad chun go mbeadh cuma uilíoch orthu agus oibríonn siad i gcomhpháirt lenár seirbhísí Imeachtaí Saoil.

Is féidir le húsáideoirí foirm a líonadh isteach ar líne, faisnéis a sheoladh agus a fháil, íocaíochtaí slána a dhéanamh agus fógraí a fháil, trí fhoireann uirlisí ar chostas íseal atá deartha go maith agus a bhfuil an inrochtaineacht mar chuid di ón tús.

Is féidir le ranna agus gníomhaireachtaí rialtais agus le comhlachtaí poiblí na Bloic Thógála sin a úsáid chun réitigh a chruthú a chomhlíonfadh a gcuid riachtanas.

Is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh le Bloic Thógála:

  • Foirm a líonadh isteach ar líne
  • Fógraí agus faisnéis a sheoladh agus a fháil
  • Íoc as seirbhísí

Áirítear ar na Bloic Thógála

FormsIE

Foirm ar líne atá so-úsáidte éifeachtúil inrochtana

Íocaíochtaí

Bealach slán éifeachtúil le hidirbhearta airgeadais a dhéanamh agus suaimhneas intinne ag úsáideoirí gach uair a úsáideann siad é.

Teachtaireachtaí

An bloc tógála teachtaireachtaí mar uirlis chumarsáide a chabhraíonn leis an rialtas agus seirbhísí poiblí cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal ar bhealach cuíchóirithe.

DesignSystem

Úsáideann na bloic thógála uile an dearadh uilíoch céanna ionas go mbíonn cuma chomhsheasmhach ar sheirbhísí digiteacha uile an rialtais.

Uirlisí seirbhíse rialtais eile

eCase

Úsáidtear eCase, ár gcóras bainistithe cáis ar fud na hearnála poiblí, agus beidh sé ina phríomh-fheidhmchlár tacúil agus tacaíocht chúloifige Imeachtaí Saoil á bainistiú.

eDocs

Tá eDocs, an córas bainistithe doiciméad agus taifead a úsáideann ranna agus gníomhaireachtaí rialtais, á nuashonrú againn chuig comhéadan níos nua-aimseartha. Leanfar leis an obair sin i rith 2024, agus beidh béim ar choinneáil na sonraí slán ar néal-ardán an rialtais.

DigitalPostbox
Is bealach slán sábháilte é sin do chomhlachtaí poiblí chun cumarsáid a dhéanamh lena gcustaiméirí agus costais agus dramhaíl pháipéir a laghdú ag an am céanna.

gov.ie

Bainistíonn an tAonad Seirbhísí Digiteacha suíomh gréasáin gov.ie, foinse iontaofa le haghaidh faisnéis ón rialtas agus seirbhísí do riachtanais laethúla agus d’am an ghátair.

Ar gov.ie cuirtear úsáid teanga simplí agus ábhar inrochtana chun cinn ar fud an rialtais. Cé go bhfuil gach roinn agus gníomhaireacht rialtais freagrach as a gcuid ábhair féin, tugann foireann gov.ie tacaíocht agus treoir chun a chinntiú go mbíonn an t‑ábhar sin ar ardchaighdeán.

Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais ar gov.ie

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara / Department of Agriculture, Food and the Marine

An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige / Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth

An Roinn Cosanta / Department of Defence

An Roinn Oideachais / Department of Education

An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta / Department of Enterprise, Trade and Employment

An Roinn Airgeadais / Department of Finance

An Roinn Gnóthaí Eachtracha / Department of Foreign Affairs

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta / Department of Further and Higher Education, Research, Innovation and Science

An Roinn Sláinte / Department of Health

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta / Department of Housing, Local Government and Heritage

An Roinn Dlí agus Cirt / Department of Justice

An Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe / Department of Public Expenditure, NDP Delivery and Reform

An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail / Department of Rural and Community Development

An Roinn Coimirce Sóisialaí / Department of Social Protection

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide / Department of the Environment, Climate and Communications

Roinn an Taoisigh / Department of the Taoiseach

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán / Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

An Roinn Iompair / Department of Transport

Comhlachtaí/gníomhaireachtaí eile a óstáiltear ar gov.ie

Oifig an Ard-Aighne/Office of the Attorney General

Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit / Chief State Solicitor’s Office

Oifig an Phríomhoifigigh Leighis

Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil

An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí

An Oifig um Sholáthar Rialtais / Office of Government Procurement

Oifig an Choimisinéara Faisnéise

Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann
An Bord Parúil / Parole Board

Oifig na nOibreacha Poiblí / Office of Public Works

Seirbhísí idir-rialtais

An tIdirghabhálaí Faisnéise

Is gné ríthábhachtach é sin agus Imeachtaí Saoil agus Tiachóg Dhigiteach an Rialtais á soláthar. Lenár dtionscadal Idirghabhálaí Faisnéise forbraítear croíghné lena ligfear d’fheidhmchláir rialtais ar fud na hEorpa idirghníomhú le chéile chun seachadadh seirbhísí poiblí digiteacha ar fud an Aontais Eorpaigh a fheabhsú.

Creidiúnú Cinnteachta Cibearshlándála

Tugann an tAonad Seirbhísí Digiteacha tús áite do na caighdeáin is airde maidir leis an gcibearshlándáil a chomhlíonadh. Tá obair á déanamh againn chun an caighdeán creidiúnúcháin cibearshlándála is deireanaí a bhaint amach

Tógáil le Roinnt

Soláthraímid réimse uirlisí a úsáideann ranna agus gníomhaireachtaí rialtais chun a gcuid seirbhísí a chur ar fáil.

Sa ráithe dheireanach de 2023, thosaíomar ag ascnamh tionóntaí uile ‘Tógáil le Roinnt’ chuig feidhmchlár nua a fheabhsaíonn an tslándáil agus an fheidhmíocht.

Áirítear ar an bhfoireann uirlisí ‘Tógáil le Roinnt’ a úsáideann ranna agus gníomhaireachtaí chun a gcuid seirbhísí a chur ar fáil an méid seo a leanas:

  • eSubmissions
  • ePQ
  • eDocs
  • eFOI
  • eRisk
  • eCorrespondence
  • eCabinet
  • eList
  • eCase
  • HIVE
  • Inlíon
  • JitBit (Deasc Freastail)

Suíomhanna gréasáin idir-rialtais (G2G)

Tugaimid aire do na suíomhanna gréasáin idir-rialtais seo:

Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais
Acmhainní Daonna na Státseirbhíse
Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte / National Shared Services Office
Pinsin na Seirbhíse Poiblí
Athnuachan na Státseirbhíse

Soláthraímid seirbhísí dearaidh gréasáin agus dhigitigh, óstála gréasáin agus dearaidh ábhair agus cuirimid roinnt feidhmchláir ghréasáin a úsáidtear ar fud an rialtais ar fáil.

Áirítear orthu sin:

  • Amharc Custaiméara Aonair – bealach do chomhlachtaí poiblí sonraí custaiméara a fhíorú.
  • Dáileann Seirbhís Foilseacháin Básanna (DEPS) faisnéis maidir le básanna ar chomhlachtaí na hearnála poiblí.
  • Tacaíonn an Córas Forbartha Bainistíochta Feidhmíochta (ePMDS) le bainistiú feidhmíochta sa Státseirbhís.
  • Tacaíonn an córas eProbation le bainisteoirí agus iad ag measúnú cé acu atá nó nach bhfuil fostaí atá ar promhadh oiriúnach do ról dar ceapadh iad.
  • Ardán G2G (idir-rialtais) – Soláthraíonn sé suíomh gréasáin comhsheasmhach inrochtana a ligean d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar an ábhar atá á dháileadh go furasta.