Tríd an gclár ‘Tógáil le Roinnt’, seachadann OPOFR réimse uirlisí, ardáin agus seirbhísí comhoibrithe rathúla do chomhlachtaí na seirbhíse poiblí.
Cuireann sé sraith feidhmchlár tacaíochta corparáidí ar fáil atá coitianta ar fud na gcomhlachtaí rialtais, mar shampla: ePQ, eSubmissions, eFOI agus eDocs.
Seachadann Deasc Bhainistithe ‘Tógáil le Roinnt’ an réimse chaighdeánach croísheirbhísí ríomhaire deisce TFC. Áirítear orthu sin:
- ríomhairí pearsanta
- ríomhairí glúine
- gléasanna hibrideacha/táibléid
- foireann feidhmchláir táirgiúlachta oifige
- ríomhphost
- líonra logánta
- rochtain nIdirlín
- bonneagar fothaca agus seirbhísí cibearshlándála
Cuireann sé ardán príobháideach néalbhonneagair Rialtais ar fáil atá comhroinnte, láidir agus seasmhach le haghaidh óstáil chórais/feidhmchláir do na Comhlachtaí Poiblí uile.
Cuireann Líonraí an Rialtais seirbhísí príobháideacha gutha, físe agus sonraí atá seasmhach, ar chaighdeán iompróra agus lena ngabhann ardacmhainneacht ar fáil ar fud na Seirbhíse Poiblí ar fud na tíre.
Le Lárionad Sonraí an Rialtais cuirtear deis eile ar fáil chun bonneagar a chomhroinnt, rud a chuireann ar chumas na gcomhlachtaí seirbhíse poiblí bonneagar TFC a shuí in áis a tógadh le sainchuspóir agus atá i seilbh an Rialtais agus atá á reáchtáil ag an Rialtas.
Tá an tionscadal ilbhlianta chun Lárionad Sonraí an Rialtais a sheachadadh ar bun.
Is é gov.ie an phríomhthairseach trínar féidir le saoránaigh agus cuideachtaí idirghníomhú leis an Rialtas. Is ionad ilfhreastail é d’fhaisnéis maidir le seirbhísí Rialtais agus an Rialtas féin.
Le Gairm TFC cinntítear go bhfuil na daoine cearta ag a bhfuil na scileanna cearta sna róil chearta ar fud na státseirbhíse i gcomhréir le Straitéis Ghairmiúlaithe AD TFC na Státseirbhíse.
Léigh tuilleadh maidir le Straitéis Ghairmiúlaithe AD TFC na Státseirbhíse
Tá sásra iompair á fhorbairt ag OPOFR chun a chinntiú go n-uasmhéadaíonn an tSeirbhís Phoiblí tairbhí agus torthaí 5G agus go ndéanann sí forbairt ar a hacmhainn maidir le nuálaíocht seirbhíse poiblí trí nascacht mhéadaithe agus úsáid teicneolaíochtaí nua. Cead a thabhairt 5G As Féin agus teicneolaíochtaí íseal-aga folaigh a chomhtháthú in Ardán Náisiúnta Ardluais Íseal-Aga Folaigh.
Léigh tuilleadh maidir le hArdán Náisiúnta Íseal-Aga Folaigh