Skip to main content

Straitéisí

Intreoir

Mar chuid de shainchúram Oifig Phríomh‑Oifigeach Faisnéise an Rialtais (OPOFR), áirítear cur chun feidhme na nithe seo a leanas:

Cónascadh Rialtais 2030: Straitéis Dhigiteach agus TFC do Sheirbhís Phoiblí na hÉireann

Tugtar aghaidh i gCónascadh Rialtais 2030: Leagann Straitéis Dhigiteach agus TFC do Sheirbhís Phoiblí na hÉireann cur chuige amach chun rialtas digiteach a sheachadadh do chách, ag déanamh tairbhe don tsochaí agus don gheilleagar níos leithne araon.

Tugann Cónascadh Rialtais 2030 aghaidh ar ghné Dhigitiú na Seirbhísí Poiblí den straitéis dhigiteach náisiúnta, Leas a bhaint as Digitiú – Creat Digiteach na hÉireann. Tagann sé freisin leis na spriocanna a leagtar amach inAthnuachan na Státseirbhíse, 2030.

Leis an straitéis tabharfar ar aghaidh Plean Gníomhaíochta Tosaíochta GovTech 2019 agus cuirtear san áireamh gníomhaíochtaí sonracha ó Chlár an Rialtais, agus tugtar aghaidh ar spriocanna digiteacha arna socrú ag an Aontas Eorpach.

Seachadfar uaillmhianta Chónascadh Rialtais 2023 i sé réimse gníomhaíochta tosaíochta:

  • Eispéireas Digiteach Spreagtha ag an Duine – Tá sé riachtanach tuiscint a fháil ar úsáideoirí agus a gcuid riachtanais chun seirbhísí níos fearr a chur ar fáil;
  • Sonraí a Úsáid go hÉifeachtach – Feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí ach struchtúir a chur chun feidhme chun tuilleadh athúsáid as sonraí agus athúsáid níos fearr as sonraí a sheachadadh, chomh maith le príobháideachas agus cosaint sonraí a urramú;
  • An Rialtas mar Ardán – Simpliú seirbhíse a spreagadh le héiceachóras caighdeán, acmhainní agus uirlisí lena n‑áirítear cur i bhfeidhm “phrionsabal na haonuaire”;
  • Éabhlóid trí Nuálaíocht – Dúshlán a thabhairt dúinn féin féachaint an athuair ar fhadhbanna deacra a réiteach chun réitigh nuálacha a fhorbairt lena gcuirtear ár n‑úsáideoirí sa lár;
  • Scileanna Digiteacha a Neartú – Acmhainneachtaí agus scileanna nua a neartú agus a fhorbairt, cinn a bheidh in ann cultúr seirbhíse poiblí digití a choinneáil ar bun;
  • Ag Díriú ar Rialachas agus ar Cheannaireacht – Struchtúir rialachais a chur i bhfeidhm chun an claochlú digiteach a thiomáint ar fud an rialtais.

Mar bhonn taca faoi na réimsí gníomhaíochta tosaíochta sin tá sraith croíphrionsabal dearaidh:

  • Digiteach de réir Réamhshocraithe agus Néal chun Tosaigh – Iarracht i dtreo na spriocanna le haghaidh 2030, is é sin go mbeidh 90% de na seirbhísí infheidhme á n‑úsáid ar líne agus a bheith níos réamhghníomhaí agus níos forásaí i dtaobh glacadh leis an néal;
  • Cur Chuige Uile-Rialtais – Eispéireas comhtháite níos saibhre a chinntiú do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí agus cinntiú go leabaítear cúrsaí digiteacha i bpróisis bheartais;
  • Bealaí Nua Oibre – Timpeallachtaí oibre a chumasú a chuireann ar chumas ár bpobail a seacht ndícheall a dhéanamh, agus comhroinnt smaointe, dearaí agus nuálaíochtaí a chur chun cinn;
  • Príobháideachas Chun Tosaigh agus Dearadh Slán – Córais a dhearadh agus a fhorbairt atá ag teacht leis an dea-chleachtas i réimse na slándála agus na cibearchosanta.

Tagann Cónascadh Rialtais 2030 in ionad Straitéis TFC na Seirbhíse Poiblí agus Straitéis Ríomhrialtais, 2017–2020. Beidh sé ina scáth-straitéis le haghaidh gníomhaíochtaí ar fud roinnt beartais rialtais agus straitéisí rialtais gaolmhara eile chun cur chuige foriomlán comhordaithe comhtháite a chinntiú dá seachadadh.

Faigh rochtain ar Chónascadh Rialtais 2030 ar gov.ie

Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí, 2019–2023

Leagtar amach i Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí, 2019–2023, fís mhionsonraithe de shraith spriocanna agus gníomhaíochtaí chun cur chuige uile-Rialtais níos comhcheangailte a sheachadadh maidir leis an gcaoi a n‑úsáidtear agus a mbainistítear sonraí ar fud na seirbhíse poiblí.

Faigh faisnéis maidir le Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí, 2019–2023 ar gov.ie

Léigh faoi chur chun feidhme na Straitéise faoi Rialachas Sonraí.

GovTech 2019

Reáchtáladh imeacht chun machnamh a dhéanamh ar chumas earnáil GovTech d’Éirinn agus é de chuspóir aige tacú le cruthú post nua sa gheilleagar. Ag Cruinniú GovTech 2019 cruinníodh le chéile réimse leathan páirtithe leasmhara ó earnáil an tionscail, ón saol acadúil, ó chomhlachtaí ionadaíocha agus ó Ranna Rialtais. Ba é ba chuspóir den imeacht sin ná moltaí a chur ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí nach mór tús áite a thabhairt dóibh chun é a chur ar chumas Éireann a bheith ar an áit is fearr san Eoraip chun idirghníomhú go digiteach leis an Rialtas; agus an áit is fearr san Eoraip le bheith mar chuid de Ghnólacht Nuathionscanta Teicneolaíochta.

Tugtar Plean Gníomhaíochta Tosaíochta GovTech ar aghaidh le Cónascadh Rialtais 2030: Straitéis Dhigiteach agus TFC do Sheirbhís Phoiblí na hÉireann.

Faigh rochtain ar Thuarascáil Chruinniú GovTech 2019 ar gov.ie

Straitéis Ghairmiúlaithe AD TFC na Státseirbhíse

Leagtar amach sa straitéis seo, is é sin Straitéis Ghairmiúlaithe AD TFC na Státseirbhíse, an chéad chúig chéim de chlár le haghaidh athrú straitéiseach maidir le bainistiú ár n‑acmhainne TFC, agus cumhdaítear léi gach gné den dúshlán, ó earcaíocht agus coinneáil go dtí forbairt, soghluaisteacht agus bainistíocht.

Tabharfar tuilleadh gníomhaíochtaí ó Straitéis Ghairmiúlaithe AD TFC na Státseirbhíse ar aghaidh le Cónascadh Rialtais 2030: Straitéis Dhigiteach agus TFC do Sheirbhís Phoiblí na hÉireann.

Faigh rochtain ar Straitéis Ghairmiúlaithe AD TFC na Státseirbhíse ar gov.ie

Tabharfar gníomhaíochtaí ó Straitéis Ghairmiúlaithe AD TFC na Státseirbhíse ar aghaidh le Cónascadh Rialtais 2030: Straitéis Dhigiteach agus TFC do Sheirbhís Phoiblí na hÉireann.

Faigh rochtain ar Chónascadh Rialtais 2030 ar gov.ie