I Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí leagtar amach an fhís le haghaidh sonraí, a n‑úsáid, a n‑athúsáid agus a mbainistíocht laistigh den tSeirbhís Phoiblí. Áirítear ann tacar treoirphrionsabal chun cuidiú le Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí an fhís a bhaint amach. Sonraítear ann freisin sraith téamaí straitéiseacha agus gníomhaíochtaí tacaíochta lena bhforbrófar, de réir a chéile, sprioc-éiceachóras sonraí stáit.
Cuimsíonn an 31 ghníomhaíocht 13 théama sonraí éagsúla:
Cosaint agus Reachtaíocht
- an tAcht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí a thabhairt i gcrích
 - Creat Comhroinnte Sonraí chun tacú le Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí
 - áirithiú go mbíonn próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le cosaint sonraí
 
Rialachas agus Caighdeáin
- Bord um Rialachas Sonraí a bhunú
 - caighdeáin agus treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 40 RGCS a shainiú
 
Príobháideachas agus Slándáil
- treoirlínte maidir le príobháideachas trí dhearadh agus slándáil a fhorbairt
 - bearta slándála agus príobháideachais le cur i bhfeidhm ag Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí
 - sonraí pearsanta a chosaint ar líne le MyGovID
 
- réiteach Bosca Poist Dhigitigh trasghníomhaireachta slán a chur chun feidhme
 
Bailiú Digiteach
- bailiú sonraí digiteach a ghlacadh
 - ardán slán le haghaidh suirbhéanna ar líne a fhorbairt
 - creat soláthair UI/UX a bhunú
 - ardán le haghaidh foirmeacha féinfhreastail ar líne a fhorbairt
 
Ardán Idir-inoibritheachta
- Ardán Idir-inoibritheachta Sonraí a fhorbairt
 
Anailísíocht
- ardán anailísíocht lena dtacaítear le seomraí sonraí fíorúla slána a fhorbairt
 - uirlisí anailísíochta agus léirshamhlúcháin a ghlacadh
 
Aimsiú
- catalóg sonraí Rialtais a fhorbairt
 - tairseach API Rialtais a fhorbairt
 
Aitheantóirí Iontaofa
- feidhmiú céimneach agus glacadh PSC, MyGovID agus Eircode a chur chun cinn
 - tionscnamh UBI a chur chun cinn
 
Bunchlárlanna
- bunchlárlanna a fhorbairt
 
Trédhearcacht
- Tairseach Sonraí Pearsanta a fhorbairt do shaoránaigh
 - comhaontuithe comhroinnte sonraí a fhoilsiú
 - tacair sonraí oscailte a chatalógú agus a chur amach
 
Acmhainneacht
- creat aibíochta féinmheasúnúcháin a shainiú
 - teimpléad straitéise sonraí a shainiú do Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí
 - oifigeach ar a mbeidh freagracht as sonraí le ceapadh ag Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí
 
Geospásúil
- Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí a spreagadh chun tacair sonraí geospásúla a chatalógú agus a chomhroinnt
 - mol sonraí molta an Stáit (GeoHive) a fhorbairt
 - struchtúir rialachais sonraí geospásúla a shainiú
 
Bainistíocht Taifead
- plean le haghaidh Bhainistíocht Taifead na Seirbhíse Poiblí a chur chun feidhme
 
“An Réalta Thuaidh” atá san fhís agus sa tacar gníomhaíochtaí seo – sprioc a rachaimid ina treo de réir a chéile. Cé go gcuimsítear léi ceithre bliana, leagtar amach sa straitéis seo roinnt gníomhaíochtaí fadtéarmacha a bhainfear amach roinnt mhaith ama tar éis dheireadh na straitéise seo. Mar sin féin, cuireann sé ar an mbóthar sinn, agus muid ag tosú ar sholáthar na n‑athruithe a bhfuil gá leo.
I mí Dheireadh Fómhair 2017, chláraigh Éire le prionsabal na haonuaire. Leagtar amach le prionsabal na haonuaire nár cheart do chomhlachtaí poiblí sonraí a bhailiú ach uair amháin ó shaoránaigh agus gnólachtaí, agus gur cheart na sonraí sin a athúsáid in ionad iad a bhailiú arís.
Nuair a athúsáidfear sonraí ar an mbealach sin, agus na gníomhaíochtaí sa straitéis á gcur chun feidhme againn, is é an aidhm atá againn ná an méid seo a leanas a sholáthar:
- seirbhísí poiblí níos comhcheangailte comhtháite a sholáthar
 - seirbhísí poiblí níos cuíchóirithe agus níos éifeachtúla
 - laghdú ar sholáthar na sonraí céanna arís agus arís eile ag saoránaigh
 - cosaint níos fearr do shonraí pearsanta
 - feabhas a chur ar an bpróiseas a bhaineann le beartais a chur ar bhonn foirmiúil agus meastóireacht a dhéanamh orthu
 - feasacht agus trédhearcacht mhéadaithe i dtaca le sonraí